Tá tú cláraithe anois, agus is féidir leat teacht ar do Firefox féin áit ar bith, am ar bith.
Sioncronaigh Firefox in aon áit chun teacht ar do chuid leabharmharcanna, focail fhaire, cluaisíní, agus tuilleadh ó do ghuthán cliste, táibléad, nó ríomhaire.
Tá seanleagan de Firefox agat de réir cosúlachta.
Ní oibríonn an leagan nua de Sync ach leis an leagan is déanaí de Firefox
Is é Sync ceann de na gnéithe iontacha a fhaigheann tú le Firefox amháin.
Tar éis duit an ríomhphost a fháil agus an nasc deimhnithe a chliceáil, beidh tú réidh! Beidh Firefox sioncronaithe go huathoibríoch sa chúlra as sin amach.
Tar éis duit an ríomhphost a fháil agus an nasc deimhnithe a chliceáil, beidh tú réidh! Ná déan dearmad do chuid gléasanna eile a cheangal chun an tairbhe is mó a bhaint as Sync.
Is féidir leat na rudaí a bheidh sioncronaithe a roghnú, chomh maith leis na gléasanna a ndéanfar sioncrónú leo. Beir do chuid cluaisíní oscailte leat sa trácht comaitéireachta. Tar ar do chuid leabharmharcanna san oifig. Aon rud, aon áit, chuile áit.
Téigh ó do dheasc go dtí an tolg gan aon stró. Beidh tú in ann teacht ar do chuid cluaisíní oscailte ar do ghuthán cliste, nó do chuid leabharmharcanna a úsáid go díreach ó do tháibléad.
Bí ceangailte leis an bhfáisnéis is tábhachtaí i do shaol. Déan sioncronú ar fhocail fhaire agus leabharmharcanna chun teacht orthu am ar bith. Cosúil le Firefox, tá sé fíorshábháilte.
Coinnigh cothrom le dáta leis na suímh is ansa leat, nó cuir an scéal sin a thosaigh tú sa bhaile i gcrích, in áit ar bith. Tá sé an-éasca le Sync.