
Seolfaidh Firefox d'Fhorbróirí aiseolas chuig Mozilla go huathoibríoch. Tuilleadh Eolais
Is é Firefox d'Fhorbróirí an t-aon bhrabhsálaí ar cruthaíodh é d'fhorbróirí amháin, agus súil againn ar do shreabhadh oibre. Is féidir tógáil, tástáil, scálú agus tuilleadh nach é ón aon áit amháin den chéad uair riamh.
Is féidir d'aip a scrúdú agus a dhífhabhtú ar aon bhrabhsálaí nó ghléas le Valence —breiseán cumhachtach réamhshuiteáilte atá in Firefox d'Fhorbróirí amháin.
Dírigh ar thoisí scáileáin ar leith le Radharc an Dearaidh Shofhreagraigh agus deasaigh do chuid CSS go beo leis an Eagarthóir Stíle ionsuite a forbraíodh don chódú grafach foirfe.
Bailíonn Firefox d'Fhorbróirí na huirlisí forbartha is tábhachtaí le chéile le cinn chumhachtacha nua a gcuirfidh le do chumas obair a dhéanamh ar árdáin éagsúla ón aon áit amháin. Tá gach rud ann a bhfuil taithí agat air, ach tá sé feabhsaithe. Firefox amháin a dhéanann seo uilig.
Cuir beochaintí CSS agus HTML in eagar ó shúil agus iad ag seinm ar an leathanach trí Phainéal an Scrúdaitheora. Fíoraigh ailíniú, toisí agus stuáil aon eiliminte leis na huirlisí Rialóir agus Tomhas.
Foghlaim tuilleadh faoi na hUirlisí Físeagarthóireachta
Úsáid beochan físiúil agus uirlisí eagarthóireachta CSS cuid Developer Edition chun dul ag taiscéalaíocht in áiteanna aduaine agus chun bualadh leis chuile neach dá bhfuil ann.
Bain triail as Challenger na nUirlisí Forbartha
Scrúdaigh ráta frámaí d'ábhair ghréasáin, caitheamh cuimhne, agus próifíl JS i radharc ar leith den amlíne chomhdhlúite chun scrogaill feidhmíochta a aithint agus a fhabhtcheartú.
Foghlaim tuilleadh faoi na hUirlisí Feidhmíochta
Scrúdaigh HTML agus CSS aon leathanaigh agus déan mionathraithe ar struchtúr agus leagan amach an leathanaigh go héasca.
Foghlaim tuilleadh faoin Scrúdaitheoir Leathanaigh
Scrúdaigh agus idirghníomhaigh le Fuaim Ghréasáin API i bhfíor-am le deimhniú go bhfuil gach nód fuaime ceangailte sa bhealach a mbeifeá ag súil leis.
Foghlaim tuilleadh faoin Eagarthóir Fuaime Gréasáin
Féach eolas logáilte a bhfuil baint aige le leathanach Gréasáin agus úsáid an Consól Gréasáin chun mionathraithe a dhéanamh ar leathanaigh Ghréasáin trí JavaScript a úsáid.
Foghlaim tuilleadh faoin gConsól Gréasáin
Siúil céim ar chéim trí chód JavaScript agus scrúdaigh nó déan mionathrú ar a riocht chun cuidiú le haimsiú fabhtanna.
Foghlaim tuilleadh faoin Dífhabhtóir JavaScript
Féach gach iarratas gréasáin a dhéanann do bhrabhsálaí, cé chomh fada a ghlacann gach iarratas, agus sonraí gach iarratais.
Foghlaim tuilleadh faoin Monatóir Líonra
Féach ar stíleanna CSS a bhfuil baint acu le leathanach Gréasáin, cuir in eagar iad, agus cruthaigh cinn nua agus chomh maith le stílbhileoga CSS atá agat a chur i bhfeidhm ar aon leathanach.
Foghlaim tuilleadh faoin Eagarthóir Stíle
Féach cén chuma a bheas ar do shuíomh nó aip Ghréasain ar scáileáin toisí éagsúla gan méid do scáileánsa a athrú.
Foghlaim tuilleadh faoin Radharc Deartha Freagrúil
Forbair agus dífhabhtaigh d'aipeanna ar bhrabhsálaithe agus ghléasanna iomadúla leis an mbreiseán cumhachtach seo atá réamhshuiteáilte le Firefox d'Fhorbróirí.
Tuilleadh eolais faoi Valence