Tá seanleagan de Firefox agat de réir cosúlachta.

Ní oibríonn an leagan nua de Sync ach leis an leagan is déanaí de Firefox

Is é Sync ceann de na gnéithe iontacha a fhaigheann tú le Firefox amháin.

Anois sioncronaigh Firefox le do ghléasanna iOS agus Android.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Please follow these instructions to install Firefox.

Príobháideachas Firefox

Ceithre chéim shimplí chun tosú le Sync:

  1. Oscail an roghchlár ag barr Firefox ar thaobh na láimhe deise agus roghnaigh “Logáil isteach i Sync.
  2. Cliceáil “Tús maith” sa chluaisín a osclaíonn.
  3. Cuir seoladh ríomhphoist agus focal faire isteach chun “cuntas Firefox a chruthú.
  4. Cliceáil “Ar Aghaidh” agus seolfar nasc deimhnithe chugat trí ríomhphost.

Tar éis duit an ríomhphost a fháil agus an nasc deimhnithe a chliceáil, beidh tú réidh! Beidh Firefox sioncronaithe go huathoibríoch sa chúlra as sin amach.

Cúig chéim shimplí chun Sync a chur ar siúl:

  1. Tapáil an cnaipe Roghchlár (faoin scáileán nó ag barr an bhrabhsálaí ar thaobh na láimhe deise).
  2. Roghnaigh Socruithe (seans gur ghá duit Tuilleadh a thapáil ar dtús).
  3. Tapáil Sync ansin Tús Maith.
  4. Osclófar an leathanach Cruthaigh Cuntas Firefox i gcluaisín nua.
  5. Líon an fhoirm isteach agus cliceáil Ar Aghaidh.

Tar éis duit an ríomhphost a fháil agus an nasc deimhnithe a chliceáil, beidh tú réidh! Ná déan dearmad do chuid gléasanna eile a cheangal chun an tairbhe is mó a bhaint as Sync.

Sioncronaigh beagán nó mórán.

Is féidir leat na rudaí a bheidh sioncronaithe a roghnú, chomh maith leis na gléasanna a ndéanfar sioncrónú leo. Beir do chuid cluaisíní oscailte leat sa trácht comaitéireachta. Tar ar do chuid leabharmharcanna san oifig. Aon rud, aon áit, chuile áit.

Sa bhaile

Téigh ó do dheasc go dtí an tolg gan aon stró. Beidh tú in ann teacht ar do chuid cluaisíní oscailte ar do ghuthán cliste, nó do chuid leabharmharcanna a úsáid go díreach ó do tháibléad.

San oifig

Bí ceangailte leis an bhfáisnéis is tábhachtaí i do shaol. Déan sioncronú ar fhocail fhaire agus leabharmharcanna chun teacht orthu am ar bith. Cosúil le Firefox, tá sé fíorshábháilte.

Sa siúl

Coinnigh cothrom le dáta leis na suímh is ansa leat, nó cuir an scéal sin a thosaigh tú sa bhaile i gcrích, in áit ar bith. Tá sé an-éasca le Sync.

Faigh Firefox chuile áit

Faigh ó Google Play é Íosluchtaigh ón App Store